Tacaíonn Fondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn le forbairt Lárionad Gaeilge I mBaile Átha Cliath ag Ceannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Meastar go gcosnóidh an forbairt seo €10m, a bheadh le caitheamh ar fhorbairt agus tógáil an ionaid, taispeántas buan a léireoidh scéal na hathbheochana Gaeilge, chomh maith le taispeántas buan faoi úsáid an fhoirgnimh ag ceannairí na poblachta roimh agus le linn Cogadh na Saoirse, nuair a bhí Uimhir a 6 Sráid Fhearchair mar cheannáras Shinn Féin sna blianta chinniúnach idir 1910 agus 1923.