I gcraoladh raidió ar lá a insealbhaithe mar Uachtarán na hÉireann, chuir Eoin Mac Néill, an fear a bhunaigh Conradh na Gaeilge in éineacht leis, síos ar an tuiscint a bhí aige féin ar fhís chultúrtha de hÍde:

“San am nua-aimseartha seo ina mairimid bhí an tuairim forleathan gur rud aicmeach é cultúr agus nár bhain sé leis an gcosmhuintir ach chomh fada agus a bhronn an aicme chultúrtha ina measc pribhléidí agus sochair orthu … cuireadh oideachas ar an Dochtúir de hÍde mar dhalta den Renaissance Nua-aimseartha agus bhí sé ar maos ina chultúr, ach, murab ionann agus a lán eile, níor ghéill sé don tuairim nár bhain cultúr leis na daoine.  A mhalairt ar fad a rinne sé, chuaigh sé amach i measc na ndaoine, rinne sé é féin compordach in éineacht leo, d’fhoghlaim sé dó féin agus theagasc sé do dhaoine eile, gur mhair ina measc bunsraith fhíor chultúrtha agus d’éirigh sé ina uirlis éifeachta suntasaí.

I leaba tuairim an Renaissance go raibh tionchar cian á  ghathú ag aicme theoranta faoi phribhléid ar na gnáthdhaoine, chuir de hÍde tionchar á ghathú amach ó na teachíní agus ó na goirt isteach i gciorcail agus i ndronga na dtofach, cibé toradh a bhí air sin ní ghá dom a rá; is feasach dóibh féin é agus ní shéanann siad é.

Ach ba chóir rud amháin bheith soiléir dóibh agus do dhaoine eile – mura bhfuil fiafraídís de de hÍde é. Inseoidh sé dóibh go maireann an tionchar cultúrtha seo a tháinig chuige agus uaidh i gcumhacht agus i mbeogacht sa chomhréir chéanna agus a mhaireann an Ghaeilge i gcumhacht agus i mbeogacht i dteachíní na ndaoine.”