Is fearr aithne ar Dubhghlas de hÍde (Douglas Hyde, as Béarla) mar chéad Uachtarán na  hÉireann ó 25 Meitheamh 1938 go dtí 24 Meitheamh 1945.

Rugadh é ar an 17 Eanáir, 1860 i nDún Gar, Contae Ros Comáin, áit a raibh a athair ina reachtaire de chuid Eaglais na hÉireann agus thug sé a shaol do staidéar agus d’athbheochan na Gaeilge. Ar an 31 Iúil 1893 i dteannta le hEoin Mac Néill bhunaigh sé Conradh na Gaeilge. Ba é an chéad Uachtarán ar an eagraíocht sin é agus d’fheidhmigh sé go dtí gur éirigh sé as i 1915.

Faoi cheannaireacht de hÍde rinne Conradh na Gaeilge dul chun cinn iontach. D’athbheoigh sé pobal na Gaeilge a bhí faoi ardbhrú cultúrtha agus ghríosaigh sé na sluaite daoine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid, tráth a raibh a leithéid sin an-deacair.

I 1905 – 06 thug de hÍde faoi thuras sé mhí sna Stáit Aontaithe, thug sé cuairt ar níos mó ná caoga cathair, chas sé faoi dhó ar Uachtarán Theodore Roosevelt agus bhailigh sé dóthain airgid le timirí taistil agus le múinteoirí an Chonartha a choinneáil ag imeacht go ceann trí bliana.

Bhí tionchar thar cuimse ag na heagraithe agus ag na múinteoirí seo ar shaol na hÉireann. D’athbheoigh siad agus chaomhnaigh siad ceol traidisiúnta agus damhsaí na hÉireann, theagasc siad stair na hÉireann rud nach raibh á dhéanamh sna scoileanna náisiúnta agus ghríosaigh siad foghlaim agus úsáid na Gaeilge.

Chothaigh an bród athnuaite seo i gcultúr na hÉireann féin-mhuinín i measc na ndaoine agus féadtar a rá go raibh páirt mhór aige i spreagadh na glúine réabhlóidí sin chun gnímh  a raibh tionchar chomh mór aici ar stair na hÉireann sna blianta ina dhiaidh sin.

Nuair a d’éirigh de hÍde as an gConradh dhírigh sé go lánaimseartha ar chúrsaí acadúla.  Ba é an chéad Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath é ó 1909 go 1932 agus chaith sé dhá thréimhse ina Sheanadóir i 1925 agus 1938.

I ndiaidh dhaingniú an Bhunreachta nua i 1937 ba é Dubhghlas de hÍde rogha na bpáirtithe uile agus toghadh gan iomaíocht ina chéad Uachtarán na hÉireann é.

Tréimhse amháin de sheacht mbliana a chaith sé in oifig agus ansin d’imigh sé chun cur faoi i dteach eile i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath áit inar éag sé ar 12 Iúil 1949.