Tacaíonn Fondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn le forbairt Cartlann speisialta le haghaidh bailiúcháin Chonradh na Gaeilge. Tá thart ar 10,000 cáipéis sa bhailiúcháin seo, atá á choinneáil ag trí ionad éagsúil faoi láthair. Tá teorann leis an fáil atá ag taighdeoirí ar an ábhar toisc nach bhfuil catalógú ceart déanta air agus nach bhfuil ionad cuí ar fail chun úsáid a bhaint as. Níl fail cheart ag an bpobal i gcoitinne ar an ábhar faoi láthair. Is mian le Fondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn forbairt chartlann nua-aimsire a éascú, tionscnamh a chuirfidh an ábhar luachmhar seo ar fáil do phobal na cruinne uilig don chéad uair, agus a chuideoidh stair na hAthbheochana agus ceist na Gaeilge a chur i lár an díoscúrsa  faoi stair na hÉireanna le 200 bliain anuas.